Is áis staire í Inniu agus Inné do pháistí 5-7 bliain d'aois.

Notaí do Thuismitheoiri agus do Mhuinteoirí



Inniu agus Inné

Tá ceithre ghníomhaíocht staire san acmhainn 'Inniu agus Inné', atá dírithe ar pháistí idir 5 agus 7. Tá dhá cheann acu bunaithe ar shaolta na bpáistí. Tá na gníomhaíochtaí eile suite san am atá thart - tá gníomhaíocht amháin bunaithe ar an ré Éadbhardach, agus déanann an ghníomhaíocht eile aimsir na clochaoise a thaiscéaladh!

Gach Lá

Cuir gnáth-imeachtaí do shaoil ar amlíne insan ord ina dtarlaíonn siad mar shampla freastal ar scoil agus amharc ar an teilifís. Déan do chuid oibre a chur i gcló agus amharc ar scannán beoite faoi do lá.

Ag Fás Aníos

Taispeán cad é mar a d'athraigh tú ó bhí tú i do leanbh. Cuir na himeachtaí agus na hathruithe ar amlíne insan ord inár tharla siad. Má bhíonn Biombal an moncaí sásta leis an amlíne is féidir go mbeidh damhsa agus amhráin aige duit!

Muintir na Clochaoise

Taistil na mílte bliain siar chuig aimsir na clochaoise le féasta a ullmhú. Déan bia a sheilg, uaimh a mhaisiú agus tine a lasadh. Tá cuidiú agus treoracha le fáil ó bheirt pháiste.

Fuaimeanna Fadó

Deán sráid ón ré Éadbhardach a thaiscéaladh. Casfar caractair beoite ort a inseoidh duit faoin saol s'acu agus is féidir ceisteanna a chur orthu. Bailigh earraí ó áiteanna éagsúla le cur sa mhúsaem. Bailigh fuaimeanna ar an tsráid agus éist le hamhráin futhu sa Halla Ceoil!

Cuidiú Fuaime agus Físe

Is féidir cliceáil ar an chnaipe 'Do Leagan Féin' le:

•Méid nó dath an téacs ar an scáileán a athrú

•Dath an chúlra a athrú

•Téacs ar an scáileán a léamh amach

•Fotheidil a chur ar bhunús an ábhair fuaime/físe

Ní féidir cliceáil ar 'Do Leagan Féin' agus tú sa rannóg do Mhúinteoirí agus do Thuismitheoirí.

Is féidir an méarchlár a úsáid le bogadh tríd an chuid is mó den ábhar.





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.